Ag scríobh faoin strus agus mé faoi strus

by | Strus/imní

D’iarr mo mhúinteoir agus mo chara Jenny Grainger orm cúpla mí ó shin agus muid ag caint ar imeachtaí Positive Living Network, conas a mhothaíonn sé nuair a suíonn tú sa spás le ‘níl an freagra agam, níl an todhchaí ar eolas agam’? agus bhí a fhios agam ag an am agus tá a fhios agam go maith anois – tá sé uafásach!

Thosaigh mé ag scríobh an bhlag seo ar maidin ach de réir mar a lean rudaí ar aghaidh bhí mé faoi strus agus níor éirigh liom é a chríochnú. Bhí mé faoi strus agus ní raibh mé in ann mo bhlag atá dírithe ar strus agus buairt a scríobh toisc go bhfuil mé féin faoi strus…. Níl an strus ar fad imithe anois ach mothaím níos fearr ach bhí orm labhairt liom féin faoi sin!

Tá mo charr sa mheicneoir toisc gur theip air san NCT ar maidin. Bhí sé ar intinn agam dul ar ais go traenáil bhadmantain a d’fhreastail mé air na blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm anseo cheana. Gan charr bheadh orm siúl chuige, rud a ghlacfaidh 30 nóiméad orm. Níor d’fhreastail mé ar an traenáil seo le blianta agus ní dhearna mé aon aclaíocht le trí mhí anuas, mar sin, tá mé neirbhíseach go maith faoi. Bhí mé neirbhíseach nach mbeadh mé in ann don oíche ar fad agus an siúlóid curtha díom freisin. Ansin, rith sé liom nach raibh aon airgead tirim agam agus mar sin bhí orm siúlóid 30 nóiméad a dhéanamh le teacht ar ATM le hairgead a fháil. Ar mo bhealach ar ais, bhí mé ag smaoineamh ‘má tá mé sa bhaile faoin ama seo beidh x méid ama agam le dinnéar a dhéanamh agus mo scíth a ligint sula mbeidh orm fagáil arís. An meastú go mbeidh mé scriosta?’.

Chuir mé stop liom féin ansin. Beidh neart oícheanta traenalá eile ann. Níl seo ach tús mí Meán Fómhair, rachaidh tú ann níos moille sa tseachtain. Ní gá duit chuile rud a dhéanamh ag aon am amháin. Chas mé thart agus chuaigh mé isteach go caifé agus bhí tae agam. Shuigh mé ansin ar feadh uair an chloig agus labhair mé le mo mháthair ar an bhfón.

Níl buairt nó anxiety orm féin ach sílim anois b’fhéidir go mbíonn babhtáil dó orm agus de bharr sin tá mol mór measa agam d’éinne a bhíonn ag fulaingt dá bharr mar is ceart. Wow! Níl a fhios agam conas atá sibh in ann maireachtáil, níl mé cinnte go d’fhéadfaidh mé! Thug mé faoi deara an tseachtain sular ndeachaigh mé ar saoire go raibh mé faoi strus. Bhí mé faoi strus ag an gcarr. Tá mé ag ath-tosú uimhirchláir deisceartach agus má tharlaíonn ag am éigin go mbeidh rogha agam idir sin a dhéanamh arís nó mo lámh féin a ghearradh as le scian ghearrfainn mo lámh gan smaoineamh air. Crá chroí atá sa rud ar fad ach thug mé faoi deara chomh luath is a bhí m’intinn réidh le fadbhanna an charr bhog sé ar aghaidh go dtí rud éigin eile. Cé nach raibh, agus níl go fóill, an carr socraithe bhí leadrán ar m’intinn agus bhí sé ag iarraidh a bheith buartha faoi rud éigin eile. Bhí mé ag éirí buartha faoi rudaí aisteacha. Oíche amháin, agus mé gan a bheith in ann codail tháinig an smaoineamh chugam ‘má tá an oiread seo strus orm, tosóidh mo chorp ag troid i mo choinne agus beidh leithéid Lupus orm’. Nuair a chuala mé an smaoineamh sin thuig mé go raibh mé imithe go hiomlán.

Ach rud mór domsa ag an bpointe sin, ná gur aithin mé an smaoineamh, d’aithin mé gur smaoineamh a bhí ann agus gur rud craiceáilte a bhí ann le bheith ag smaoineamh air. Gabhaim buíochas as mo chleachtadh aireachais as sin. Gan an cleachtadh sin agus gan an aithne atá agam orm féin, ní bheadh a fhios agam fiú go bhfuil mé faoi strus. Nuair a bhí mé san ollscoil agus sa bhliain dheireanach ar scoil dhúisigh mé le linn na hoíche agus níor thuig mé ar chur ar bith cén fáth, agus mar sin ní raibh mé in ann aon rud a dhéanamh faoin bhfíorchúis. Anois, níl mé in ann an bhuairt a bhaint go hiomlán ach feicim é, aithním é agus tá mé in ann, uaireanta seasamh siar uaidh.

Mar a dúirt mé, níl an strus agus buairt a bhí orm roimh na laethanta saoire imithe go hiomlán; tá mé go fóill ag socrú an chairr, níl mórán teacht isteach agam faoi láthair agus mar aon leis sin, níl mórán oibre agam ach díreach ansin, fuair mé mo chéad íocaíocht don chiorcal na mban a bheidh á reáchtáil agam don Ghealach Lán níos déanaí an mhí seo – comhartha mhaith atá ansin dár liomsa! Ach chuir an bhuairt seo ar fad scéal Jenny (thuasluaite) agus Eoin i gcuimhne dom. Bhog an bheirt acu as Éireann agus chuaigh siad go dtí an Fhrainc gan aon phlean a bheith acu agus is féidir leat an rud ar fad a leanúint anseo ar an gcainéal YouTube ach domsa anois, tá an bogadh ar fad thart, tá mé san áit nua anois agus anois caithfidh mé suigh san áit sin nuair nach bhfuil a fhios agam céard atá romhaim sa todhchaí agus áit míchompordach atá ann ach má tá mé airdeallach ar mo smaointe, má leanaim le mo chleachtas aireachais (go háirithe le linn na hoíche nuair nach bhfuil mé in ann codail) beidh me i gceart…nach mbeidh??!

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content