Cleachtadh buíochais

by | Féin-aire

 Luaigh mé sa bhlag deireanach go raibh mé faoi strus. Níl an strus céanna orm anois ach níl sé imithe go hiomlán. Fiú inné agus lá álainn agam cois fharraige ag siúl agus ag léamh agus ansin mhothaigh mé teannas i mo ghiall. Ní sin an chéad uair gur mhothaigh mé teannas ansin ach ní i gcónaí go dtugaim faoi deara go bhfuil sé ann ach thug mé faoi deara inné. Mhothaigh mé an teannas agus bhí mé ag iarraidh tuiscint a fháil ar an bhfáth go raibh sé orm. níor éirigh liom é a thuigmháil agus mar sin glacaim leis gur strus fo-chomhfhiosach a bhí ann. An strus is measa…

Tá sé ráite agam cheana go bhfuil sé deacair bogadh go háit iomlán nua. Shíl mé b’fhéidir go raibh sé níos deacra domsa os rud é nach bhfuil fíor-post agam ach ansin d’inis mo chara tí liom gur mhothaigh sé mar an gcéanna nuair a bhog sé go Gaillimh ar dtús agus bhí post aige anseo. Chuir sin ar mo shuaimhneas níos mó mé. Ar feadh tamaill….

Nuair atá tú faoi strus nó feargach nó díreach faoi ghruaim rud a ghlacfaidh ar ais go háit níos dearfaí thú ná smaoineamh ar na rudaí maithe atá agat i do shaol. Tá an nós nádúrtha ag an gcine daonna díriú ar drochrudaí i gcónaí ach má smaoiníonn tú ar an saol go ginearálta tá mé lán cinnte go mbeidh roinnt rudaí maithe ann chomh maith. Bhí mé ag labhairt le cara liom seachtain ó shin agus bhí mé ag insint dó faoi na fadhbanna atá agam agus ansin dúirt sé ‘Conas atá rudaí sa teach?’ agus chuir sin stop liom. Tá rudaí iontach sa teach. Teach deas atá ann, i gceantar ciúin agus réitím go maith le mo chairde tí. Tá rudaí ar dóigh sa teach. Rith sé liom ansin, b’fhéidir go bhfuil rudaí maithe eile i mo shaol faoi láthair agus nuair a d’athraigh mé na spéaclaí a bhí orm go spéaclaí níos dearfaí d’athraigh chuile rud!

Tá nós agam gach oíche trí rud atá mé buíoch dóibh a scríobh síos ach le tamall anuas bhí mé i ndiaidh dearmaid a dhéanamh ar luach an nóis seo agus chuir an cara sin é i gcuimhne dom arís. Anois, agus mé ag smaoineamh siar ar mo lá glacaim níos mó ama agus mothaím na rudaí atá mé ag smaoineamh orthu. Tugaim faoi deara na háiteanna i mo chorp atá mé in ann na rudaí deasa, na rudaí dearfaí a mhothú ionam féin agus tá sin i bhfad níos luachmhara ná díreach rudaí a scríobh síos agus dearmad a dhéanamh orthu láithreach bonn i ndiaidh.

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content