Tóg sos!

by | Féin-aire

Le dhá bhliain anuas, tá mé ag foghlaim faoin míostrú agus an rud is mó a d’fhoghlaim mé ná má ghlacaim sos le linn agus roimh an mhíostrú tá mé in ann obair níos fearr agus níos fiúntaí a dhéanamh an chuid eile den mhí. Le deich lá anuas nó mar sin, chuir mé an-aithne ar mo tholg agus ní dhearna mé mórán eile. Uaireanta, le linn an chéad seachtain sin thuig mé go raibh an míostrú ag teacht (bhí mé seachtain luath ach d’athain mé na comharthaí) agus bhí mé ag mothú ceart go leor faoin easpa oibre a bhí mé ag déanamh nó faoin sos a bhí a glacadh agam, ag amanna eile mhothaigh mé ciontach. Tháinig mo chara tí abhaile cúpla lá agus d’fhiafraigh sé díom céard a bhí ar bun agam an lá sin. Ní raibh sé ag déanamh breithiúnais orm, díreach ag cruthú comhrá ach ghlac an ciotachas seilbh orm.

I mo ról mar mhúinteoir aireachais tá mé ag iarraidh ar dhaoine éisteacht lena gcorp féin, tá mé ag iarraidh orthu fáil amach céard atá ag tarlú iontu féin agus éisteacht leis sin. Muna féidir liom sin a dhéanamh dom féin ní féidir liom iarraidh ar dhaoine eile é a dhéanamh. Aithníonn daoine muna bhfuil tú ag déanamh an rud atá tú ag iarraidh orthu a dhéanamh. Níl a fhios agam conas a n-aithníonn siad é ach aithníonn.

An áit is deacra dom mar gheall ar seo ar fad ná cúrsaí spóirt. Is breá liom ag imirt spóirt. D’imir mé an-chuid cineáil éagsúil ó haca ar scoil go badmantan, Uasfhríosbaí agus bhíodh mé i mbun kickboxing i mBéal Feirste go dtí gur d’fhag mé ansin i mí Meitheamh. Is breá liom ag dul ag traenáil agus mar sin, fiú má tá mo chorp ag rá liom nár cheart dom dul, uaireanta téim ar aon chuma. Is maith liom nósanna a bheith agam agus má tá sé de nós agam dul go badmantan oíche Luain, tá mé ag iarraidh dul oíche Luain, fiú muna bhfuil mo chorp in ann dó. An tseachtain seo, ní dheachaigh mé agus bhí mé bródúil gur éirigh liom gan dul ann. An mhí seo chugainn b’fhéidir go rachaidh mé ach feicfimid! Agus muna n-éiríonn liom chomh maith céanna an mhí seo chugainn, déanfaidh mé iarracht gan a bheith róchrua orm féin! 

 

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content