Cuireann muid ranganna aireachais agus suaimhnis ar fáil do mhúinteoirí, tuismitheoirí, an teaghlach ar fad le chéile agus do scoileanna agus clubanna óige.

Teacher Sessions Katie McGreal Solas Relaxation

Ranganna do mhúinteoirí

Tá na ranganna seo do mhúinteoirí atá ag iarraidh scileanna agus cleasanna beaga a fhoghlaim le cur i bhfeidhm sa seomra ranga le go mbeidh gach duine in ann mothú níos suaimhní agus sona. Le linn na ranganna, bíonn deis ag na múinteoirí buntáistí an aireachais a bhlaiseadh iad féin agus muid ag cleachtadh an t-aireachas. Tugann an t-aireachas cúnamh don inchinn eolas a choinneáil – gné atá ag croílár na ranganna seo.Chomh maith leis sin, tugann na ranganna go leor scileanna agus cleasanna praiticiúla dóibh gur féidir cur i bhfeidhm sa seomra ranga. Fágann múinteoirí na ranganna seo ag mothú níos suaimhní agus sásta le neart eolais nua acu.

Ranganna do thuismitheoirí

Tugann na ranganna seo tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh páistí sásta agus sláintiúla a thógáil. Bíonn deis ag na tuismitheoirí buntáistí an aireachais a mhothú le linn na ranganna seo agus iad leo féin. I dtimpeallacht shuaimhneach agus chiúin, foghlaimítear bealaí éagsúla le ról a aimsiú don aireachas ina dteaghlaigh féin. Mothaíonn siad sochair, suaimhneach agus le níos mó fuinnimh faoi dheireadh na ranganna.

Infheistíocht: €72 an seisiúin

Ranganna teaghlaigh

Déanann muid na ranganna seo leis an teaghlach ar fad. Aidhm na ranganna ná sult agus spraoi a bheith againn, le chéile. Bíonn muid ag foghlaim agus muid ag spraoi. Nuair a bhíonn na tuismitheoirí ag spraoi agus ag glacadh páirte leis na páistí feiceann na páistí go bhfuil níos mó luacha leis na cleachtais. Leanann muid seacht gcéim na ranganna Relax Kids do na ranganna seo; sin go mbíonn muid ag bogadh agus ag spraoi ar dtús, déanann muid síntí le chéile le scaoileadh le teannas, úsáideann muid ár lámha ar a chéile agus orainn féin go deas bog le cabhrú lena chéile suaimhneas agus compord a bhaint amach, déanann muid go leor anála isteach agus amach ar bhealaí éagsúla, labhraíonn muid faoi na rudaí maithe atá sa saol agus na rudaí gur mian linn agus críochnaíonn muid ag ligint ár scíth.

Is féidir é sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla – ag luigh siar go compordach agus go ciúin ag déanamh cleachtais aireachais nó ag  dathú  agus ag tarraingt go ciúin ag éisteacht le ceol bog. Mothaíonn gach duine níos suaimhní agus níos sásta faoi dheireadh an ranga agus tá a fhios acu go bhfuil siad réidh l’aghaidh a thabhairt ar chúraimí an tsaoil.

Infheistíocht: €77 an seisiúin

Ranganna do scoileanna agus clubanna óige

Cuireann muid ranganna aireachais agus suaimhnis ar fáil do scoileanna, clubanna óige agus campaí freisin.

Le páistí bunscoile, leanann muid seacht gcéim na ranganna Relax Kids; bíonn muid ag bogadh agus ag spraoi ag iarraidh scaoileadh le fuinneamh breise, scaoileann muid le teannas atá sa cholainn trí síntí éasca a dhéanamh, úsáideann muid ár lámha ar a chéile (le cead) agus orainn féin go deas bog, úsáideann muid an t-análú leis an intinn a shuaimhniú agus a chiúnú agus bíonn muid ag spraoi leis an anáil freisin. Bíonn muid ag smaoineamh ar na mianta atá againn agus ar na rudaí atá muid ag iarraidh a bhaint amach agus críochnaíonn muid gach seisiún leis na páistí ina luí ag éisteacht le ceol bog agus ag déanamh cleachtais aireachais gearr. Cuireann muid an-bhéim ar spraoi agus sult. Táimid ag iarraidh go mbeidh na páistí ag smaoineamh ar an aireachas mar rud spraíúil mar tá níos mó seans ansin go dtiocfaidh siad ar ais chuige agus iad faoi strus.

Leis na ranganna do dhéagóirí, úsáideann muid go leor ceoil agus bíonn muid ag déanamh roinnt cleachtaidh ar an aireachas. Labhraíonn muid faoin éifeacht a bhíonn ag an aireachas ar an inchinn agus an chaoi a chabhraíonn sé linn eolas a choinneáil sa chloigeann. Déanann muid plé ar na mothúcháin freisin; cén cineál mothúchán a bhíonn againn, an mothaíonn muid iad go fisiciúil agus cén chaoi a mhothaíonn muid faoi na mothúcháin seo agus na bealaí go dtéann muid i ngleic leo.

Is féidir leis na ranganna seo ar fad a chur ar fáil ar bhonn aonarach nó le grúpa beag príobháideach, nó mar chuid de chúrsa oscailte. Is féidir linn rang amháin a dhéanamh le grúpa nó duine nó sraith ranganna de sé nó ocht seachtaine a dhéanamh. Táimid solúbtha agus is féidir linn an rud is feiliúnaí agus is fearr don chustaiméir a oibriú amach. Is maith linn ábhar spéise a mholann na páistí a úsáid sna ranganna freisin agus mar sin go minic pléann muid cúrsaí leis na tuismitheoirí nó na múinteoirí roimh ré.

Infheistíocht: €120 an seisiúin

 

Katie’s classes have taught me to get down to my children’s level rather then be the adult to them. Cannot recommend Katie enough.
Sam, England

He was so engrossed in it, even stroked the tree. He sat afterwards, described the door and told me all the things he saw. I asked if he would want to do it again and he said he would. Thank you.
Debbie, about her son Ethan, 9, England

Highly highly recommend these classes. Katie is amazing. Bedtime is so easy now.
Sam

Fantastic way for kids and parents to pick up some tools in mindfulness and it’s a lot of fun for everyone. Katie’s approach is perfect and very engaging.
Michelle, Galway

My family has had such fun on her courses! We still use our calm buttons and my kids still make pizza or cake on my back.
Samantha, England

Katie was fantastic with my twins (almost 4yr olds) really engaging and kept them engaged throughout. They loved the various activities and exercises, and we still use some techniques to relax at the end of the day.
Amy, Dublin

Techniques taught were very clear for children to understand and use. I can see a big improvement in my daughter already.
Stephanie, Belfast

Skip to content