Máithreacha ag mothú ciontach

by | Féin-aire

Tá Lá na Máithreacha ar an Domhnach! Agus mar sin beidh mé ag caint ar mháithreacha agus aireachas sa bhlag seo! Chomh maith leis sin, tá mo chead chúrsa eile do dhaoine fásta le tosú i ndiaidh na Cásca agus b’fhéidir go mbeidh suim ag cuid de na máithreacha sin ann. Just Relax for Adults is ainm don chúrsa mar beimid ag ligint ár scíth, ag tógáil sosa agus ag suigh linn féin ar feadh uaire an chloig in aghaidh na seachtaine. Sa bhlag seo tá mé ag iarraidh labhairt faoin maitheas a dhéanann cleachtadh aireachais do mháithreacha agus faoin éifeacht maith a bhíonn aige ar an teaghlach ar fad.

Tá sé ríthábhachtach go dtugann muid aire dúinn féin, ní rud é gur féidir leat neamhaird a dhéanamh air ar feadh rófhada agus mar sin, má tá aon mháithreacha amuigh ansin ag mothú ciontach toisc go siad ag smaoineamh ar rud éigin a dhéanamh dóibh féin, beidh ort neamhaird a dhéanamh ar an mothúchán sin. Más duine agus máthair níos séimhe thú déanfaidh sé maitheas don chlann ar fad! Mar a thuigfidh tú ar ball.  

Toisc go mbímse ag obair le páistí agus máithreacha go minic cloisim go leor cainte ó na máithreacha sin faoin a bheith ag mothú ciontach. Mothaíonn siad ciontach toisc go bhfuil faitíos orthu go ndúirt siad nó go ndearna siad rud éigin mícheart, bíonn siad buartha go bhfuil na páistí ag cailliúint amach ar am lena gcairde, tá eagla orthu nach bhfuil an bia a chuireann siad ar fáil maith go leor, nó go bhfuil siad ar scáileáin rófhada…agus leanann sé ar aghaidh. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil seo ar fad in intinn máithreacha cheana féin, luíonn sé le ciall go mbeadh siad ag mothú ciontach agus iad ag iarraidh ama leo féin, ar mhaithe leo féin.

Dúirt dalta a bhí i mo chúrsa deireanach do dhaoine fásta gur mhothaigh sí ciontach gach seachtain nuair a bhí uirthi a hiníon a fhágáil lena athair agus í ag teacht chugainn don chúrsa. Mhothaigh sí go dona agus í ag iarraidh rud éigin a dhéanamh dí féin nuair a bhí sé ‘de cheart’ aici a bheith lena hiníon. 

Lean an dalta céanna ar aghaidh ag teacht go dtí na ranganna, in ainneoin an mothúchán seo agus bheartaigh sí teacht go dtí an cúrsa ar an gcéad lá mar thuig sí go ndéanfadh sé maitheas di féin agus dá hiníon dá má rud é go raibh sí féin ag cleachtadh aireachais. Thuig sí go gcruthóidh sé atmaisféar níos síochánta ina hintinn féin agus mar sin go mbeadh atmaisféar níos síochánta sa teach dá hiníon. Ach níl an tuiscint sin ag gach duine agus sin an fáth go bhfuil mise anseo daoibh! 

Laghdaíonn cleachtadh aireachais strus agus buaireamh. Cruthaíonn sé atmaisféar síochánta agus socair istigh ionat féin. Le linn an chleachtaidh, bogann muid ár n-aird amach as ár gcloigeann gnóthach agus isteach sa cholainn. Tugann muid aird dár gcosa, ár lámha agus go dtí an anáil. Níl tú in ann a bheith ag smaoineamh ar rudaí difriúla má tá d’aird ar do cholainn agus ar an méid atá ag tarlú istigh ionat féin ag an nóiméad sin. Tá fianaise ann a léiríonn má tá duine amháin sa teach ag cleachtadh aireachais airíonn gach duine eile sa teach difir.

Agus tú airdeallach ar do cholainn agus an bealach go n-airíonn sé tosaíonn tú ag tabhairt faoi deara go dtagann na smaointe chugat ar aon nós. Le linn an chleachtaidh táimid ag iarraidh fios a bheith againn go bhfuil na smaointe ann ach níl muid ag iarraidh ligint dóibh smacht a bheith acu orainn. Tarlaíonn sé rómhinic dúinn ar fad go mbíonn muid ag smaoineamh ar rud éigin agus ní a fhios againn conas ar tháinig muid ar an ábhar sin. Más féidir linn ár smaointe a aithint ciallaíonn sé sin gur féidir linn seasamh siar uathu agus breáthú orthu agus le cleachtadh agus le himeacht ama beidh tú in ann an cleachtadh sin a thabhairt amach sa saol agus beidh sé níos fusa duit seasamh siar agus smaoineamh ar do fhreagra in ionad an chéad rud a thagann chugat a rá. Bíonn muid ag iarraidh tuigmháil nach ionann ár smaointe agus an fhirinne.   

Samhlaigh anois gur máthair thú atá ag mothú síochánta agus séimh istigh i do cholainn agus d’intinn féin. An dóigh leat go mbeidh éifeacht ar an síocháin sin ar do chlann?

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content