D’imigh sin agus tháinig seo

by | Céard é ‘an gnáth rud’?

Bhuel! It’s been a hot minute.

Níl a fhios agam cá dtosóidh mé. Tá mé sa chistin faoi láthair le mo chos ar chathaoir toisc go bhfuil mo rúitín gortaithe agam. Mo rúitín maith agus tá mé le bogadh tí i gceann cúpla lá. Beidh sé seo suimiúil.

Bhog mé isteach sa teach seo ar feadh bliana. Bhí sé seo ar eolas agam ón tús ach bhí an seomra agus an suíomh agus an cíos go maith. Ag deireadh na míosa seo tagann an bhliain sin chun deireadh agus ó thús an tréimhse dianghlásala seo bhí duine amháin sa teach (a bhí bailithe abhaile ó mhí Márta) ag cur teachtaireachtaí chugam le cur i gcuimhne dom go raibh orm bogadh amach. Tá sé ag ligint air féin gur sé an tiarna talún cé nach ea. Chuir sé isteach chomh mór sin orainn gur bheartaigh mo chara tí Kevin go raibh sé féin ag iarraidh bogadh amach.

Bhog Kevin amach os cionn seachtaine ó shin agus tá mo bhád tarrthála caillte agam. Bhí craic agam agus Kevin le chéile. Chuir muid aithne ceart ar a chéile. Tháinig mé tríd an dianghlásail seo toisc go raibh Kevin anseo. Bogfaidh mise i gceann cúpla lá ach fós féin tá brón orm. Tá mé brónach nach bhfuil cónaí orm le Kevin a thuilleadh. Tá brón orm gur thit an tóin amach as an teach seo, a bhí chomh álainn ar feadh tréimhse. Airím ar nós go ndeachaidh mé trí rud éigin anseo ach tá sé difriúil anois. Bhí duine éigin anseo nuair nach raibh mé ann agus bhain siad aníos na fógraí ‘Black Lives Matter’ agus ‘You are important’ a bhí sa fuinneog agam agus tá an bhagairt ann i gcónaí go dtiocfaidh an fear sin atá ag ligint air féin gur eisean an tiarna talún ar ais ag am ar bith. Tá an teach difriúil anois toisc go bhfuil Kevin imithe.

Tharla cuid mhór rudaí le linn an dianghlasail seo. Mhothaigh mé cuid mhór agus anois agus an tír ag teacht amach as airím cuid mhór rudaí eile. B’fhéidir go bhfuil an tír ag teacht amach as ach níl mise. Níl mórán ag athrú domsa, bhuel ach amháin go bhfuil mé ag bogadh tí ach ó thaobh oibre de, ó thaobh buaileadh le daoine, níl mórán ag athrú. Thug mé cuairt ar chara liom agus a cúpla atá bliain d’aois le déanaí agus níor phioc mé suas iad. Níor thug mé barróg dóibh. Ghlac sé an oiread sin asam gan na rudaí sin a dhéanamh. Mhothaigh sé neamhchineálta agus neamhnormálta ach aisteach go maith, b’ea an rud is cineáltaí go d’fhéadfaidh mé a dhéanamh.

Sílim go bhfuil neart againn ag breathnú ar an saol agus ár saolta ar bhealach difriúil anois. Ní chreidim féin agus níor chreid mé riamh go bhfuil an cine daonna ceapadh le bheith ag obair an 30, 40 nó fiú 50 uair an chloig in aghaidh na seachtaine a dhíoltar dúinn agus tá siúl agam gur thosaigh daoine ag smaoineamh ar sin agus ar an gcineál saol gur mhaith leo. Tá siúl agam go bhfuil tuiscint níos fearr againn anois ar na rudaí atá tábhachtach dúinn.

Domsa, tuigim féin an tábhacht a bhaineann leis an mbaile. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé daoine maithe a bheith thart ort agus an mhéid atáimid ag braith ar an idirlíon!

Taobh istigh den chéad choicís den dianghlásail seo, am éigin i mí Márta sílim…b’fhéidir, ní a fhios agam, ag am éigin i mbliana chaith mé cúig lá sa teach anseo ag déanamh cleachtais aireachais agus ag cur aithne níos fearr orm féin le Miranda MacPherson agus os cionn 40 eile ar fud na cruinne. Go gairid i ndiaidh sin bhí mé tinn. Creideann muid gur COVID a bhí ann ach níl sin oifigiúil ach ar feadh míosa bhí tinneas agus tuirse orm, lena linn sin bhí mé go fóill ag tabhairt faoin gcéim sa síciteiripe agus ag déanamh seisiúin comhairleoireachta mé féin trí Zoom.

Faoi láthair tá mé ag smaoineamh ar thús a chur le haiste 1500 focal atá le déanamh agam don chéim seo agus tá a fhios agam go bhfuil ceann eile ar an mbealach. Beidh cúpla uair an chloig sa choláiste ar líne agam an deireadh seachtaine seo agus an deireadh seachtaine seo chugainn.

Bhíodh mé ag déanamh físeáin do ghrúpa sóisialta WhatsApp atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus tá an-chuid físeáin eile déanta agam agus curtha ar mo leathanach Facebook féin (atá ar fáil anseo) agus tá mé ag iarraidh mo ghnó a fhorbairt ar líne. Beidh deasghnáth agam don ghealach lán ar Facebook Beo ar an Domhnach, 5 Iúil agus tá mé ag déanamh an-chuid píosaí aireachais ar Facebook Beo chomh maith. Déanfaidh mé ceann anocht ag 8.30 dóibh siúd atá suim acu ann. Chaith mé an-chuid den dianghlásail ag smaoineamh nach raibh mórán idirlámha agam ach ag breathnú siar ar seo ar fad bhí an-chuid á dhéanamh agam agus níl m’agallamh poist Zoom nó an tras-scríobh atá mé ag déanamh luaite agam fiú!

Agus mar gheall ar sin ar fad tá mé le trí lá a thógáil saor go luath. Trí lá nuair a bheidh an fón casta as agam, nuair a bheidh go leor bia sa teach agam le nach mbeidh orm dul amach agus go mbeidh sceideal aireachais agam agus deis agam an-chuid scríbhneoireachta a dhéanamh. Tharla an oiread sin ó gur dúnadh na tíre tá orm an t-am seo a thabhairt dom féin le tuiscint a fháil air. Níl mé cinnte díreach cathain an ndéanfaidh mé seo ach tá mé lán cinnte go ndéanfaidh mé é agus tá mé ag siúl go mór leis! Tá mé ag siúl le go dtabharfaidh an sos seo tuiscint níos fearr dom ar an gciall atá ag ‘ag oscailt na tíre arís’ dom féin go pearsanta.

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content