Cúig mholadh le codladh maith a fháil

by | Féin-aire

An athrú is súntasaí agus is mó a d’aithin mé ionam féin agus i mo shaol i ndiaidh dom cleachtadh aireachais rialta a thosú ná sa chodladh. Roimhe sin, dá mbeadh drochsheachtain agam ag codail, d’fhéadfaidh mé a bheith dúisithe le linn na hoíche gach uile oíche an tseachtain sin. Bhíodh m’intinn ag smaoineamh ar rudaí nach raibh le tarlú choíche nó rudaí a tharlóidh i gceann bliana nó níos faide, ach fós féin bhíodh mé faoi strus acu. 

Is cuimhin liom oíche amháin agus mé ag obair i mo chéad phost mar iriseoir. Dhúisigh mé le linn na hoíche de bharr strúis a tháinig ón jab sin agus d’éirigh mé agus scríobh mé léirmheas ar scannán a bhí orm scríobh don jab céanna. 

Ach anois! Nuair atá deacrachtaí codltha agam baineann sé go minic leis an athrú aimsire nó leis an ngealach lán agus nuair a tharlaíonn sé na hoícheanta sin, tá cleasanna beaga simplí agam le dul i ngleic leis. 

Ach, os rud é gur fadhb é go fóill, déanaim roinnt rudaí gach uile lá le dul i ngleic leis agus le cabhrú liom oíche mhaith codltha a fháil. 

  1. Déanaim sár-iarracht dul a luigh ag an am céanna gach oíche agus múchaim aon teicneolaíocht ar a laghad 30 nóiméad sula bhfuil sé i gceist agam dul a chodail.

2. Gach oíche, mar chuid de mo nósanna oíche, scríobhaim amach na smaointe ar fad atá i mo chloigeann. Scríobhaim trí nó ceithre leathanach amach agus nuair atá sé críochnaithe, ní bhíonn mórán céille leis agus ní bhíonn cuma slachtmhar air ach is cuma mar ní léifidh éinne eile é agus tá mo chuid smaointe ar an leathanach agus bainte amach as mo chloigeann.

3. Tá cleachtadh aireachais rialta agam. Bím ag cleachtadh ar feadh 30 nóiméad gach maidin ach b’fhéidir go mbeadh an oíche níos fearr duitse mar am cleachtadh. Níl am ceart le cleachtadh aireachais a dhéanamh ach tá an t-am seo iontach mar tugann sé deis dom cleachtadh a dhéanamh ar a bheith ag mothú m’anáil agus ag smaoineamh ar conas a mhothaíonn mo cholainn in ionad a bheith ag ligint de mo smaointe smacht a bheith acu orm i gcónaí. Leis an gcleachtadh seo le linn an lae, bíonn sé níos éasca dom díriú isteach ar m’anáil san oíche má tá mé dúisithe agus gan ligint de mo smaointe imeacht leo le go mbeidh mé faoi strus acu. 

4. Bíonn mo sheomra codlata i gcónaí fuar san oíche. Bíonnnn an fhuinneog oscailte i gcónaí, ach amháin má tá sé ag cur seaca! Cabhraíonn an seomra fuar agus an aer úr dom fanacht i mo chodladh agus gan a bheith róthé le linn na hoíche.

5. Ní bhíonn caiféin agam i ndiaidh 2in. Ólaim tae gan caiféin i ndiaidh an ama sin agus ní bhíonn ach cupán amháin caifé agam in aghaidh an lae. 

Abair linn thíos céard a dhéanann tú le cabhrú leat oíche mhaith codladh a fháil.

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content