An athrú is súntasaí agus is mó a d’aithin mé ionam féin agus i mo shaol i ndiaidh dom cleachtadh aireachais rialta a thosú ná sa chodladh. Roimhe sin, dá mbeadh drochsheachtain agam ag codail, d’fhéadfaidh mé a bheith dúisithe le linn na hoíche gach uile oíche an...
Máithreacha ag mothú ciontach
Tá Lá na Máithreacha ar an Domhnach! Agus mar sin beidh mé ag caint ar mháithreacha agus aireachas sa bhlag seo! Chomh maith leis sin, tá mo chead chúrsa eile do dhaoine fásta le tosú i ndiaidh na Cásca agus b’fhéidir go mbeidh suim ag cuid de na máithreacha sin ann....
Ag dul i dtaithí ar an saol nua
Le seachtain anuas tá mé ag dúiseacht ag pé am a dúisím agus deirim liom féin ‘Céard gur mhaith liom a dhéanamh?’ agus b’ea sin an seachtain is táirgiúla a bhí agam le roinnt mhaith seachtaine. Sílim gur chreid mé go mothóinn i bhfad níos fearr chomh luath is a bhog...
D’imigh sin agus tháinig seo
Bhuel! It’s been a hot minute. Níl a fhios agam cá dtosóidh mé. Tá mé sa chistin faoi láthair le mo chos ar chathaoir toisc go bhfuil mo rúitín gortaithe agam. Mo rúitín maith agus tá mé le bogadh tí i gceann cúpla lá. Beidh sé seo suimiúil. Bhog mé isteach sa teach...
Cleachtadh buíochais
Luaigh mé sa bhlag deireanach go raibh mé faoi strus. Níl an strus céanna orm anois ach níl sé imithe go hiomlán. Fiú inné agus lá álainn agam cois fharraige ag siúl agus ag léamh agus ansin mhothaigh mé teannas i mo ghiall. Ní sin an chéad uair gur mhothaigh mé...
Tóg sos!
Le dhá bhliain anuas, tá mé ag foghlaim faoin míostrú agus an rud is mó a d’fhoghlaim mé ná má ghlacaim sos le linn agus roimh an mhíostrú tá mé in ann obair níos fearr agus níos fiúntaí a dhéanamh an chuid eile den mhí. Le deich lá anuas nó mar sin, chuir mé...
Ag scríobh faoin strus agus mé faoi strus
D’iarr mo mhúinteoir agus mo chara Jenny Grainger orm cúpla mí ó shin agus muid ag caint ar imeachtaí Positive Living Network, conas a mhothaíonn sé nuair a suíonn tú sa spás le ‘níl an freagra agam, níl an todhchaí ar eolas agam’? agus bhí a fhios agam ag an am agus...
Chaoin mé
Bhí cónaí orm i nGaillimh 7 mbliana ó shin. D’oibrigh mé mar iriseoir leis an nuachtán Gaelscéal. Fuair mé an post díreach i ndiaidh na hollscoile agus bhí seachtain nó mar sin agam le teach a aimsiú anseo, bogadh síos agus an post a thosú. Thuig mé go mbeadh carr...
Céard is ‘duine fasta’ ann?
Dúirt cara liom an tseachtain seo caite nach síleann sí gur fíordhuine fásta atá inti. Tá post lánaimseartha aici, tá sí ina cónaí léi féin, déanann sí a dinnéar agus a níochán féin, íocann sí cáin, tá tiomáint aici ach ní fíordhuine fásta atá inti, dár léi. Cé go...
Ag fágáil slán
‘With change brings grief but don’t let that grief make you think that the change is a bad thing.’ Chonaic mé sin scríofa síos ag an deireadh seachtaine agus thuig mé go maith é. Le seachtain anuas tá an bogadh seo ag mothú iontach cóngarach, tá sé cóngarach. Tá níos...