Ag teacht ar ais chugam féin

by | Athraithe

A leithéid de sheachtain! Dé Máirt atá ann anois agus tá mé go fóill ag teacht ar ais chugam féin i ndiaidh na seachtaine seo caite. Seachtain lán ranganna, taisteal, cairde agus grá. Nuair a smaoinigh mé ar an mblag seo a scríobh shíl mé go mbeadh croí trom agam, go mbeadh mé brónach i ndiaidh mo ranganna sna Sé Chontae a chríochnú agus cairde a fhágáil. Ach a mhalairt ar fad atá á mhothú agam. Tá croí go hiomlán lán agam!

Chomh maith le bheith ag múineadh ó thuaidh an tseachtain seo caite, bhí mé ag múineadh i gConamara freisin. Bhí ranganna agam mar chuid de chúrsa A le Coláiste Chamuis agus sílim gur thuig an chuid is mó de na scoláirí a bhí agam mé, go háirithe na scoláirí níos sine. Nuair a shiúil mé isteach sa halla sin rith sé liom nach raibh mé cinnte an raibh mé níos neirbhísí an lá sin, nó ar na laethanta gur thosaigh mé ann agus mé i mo scoláire. Tá roinnt taithí agam le déagóirí ach ní an-chuid agus cosúil le chuile dhuine, tá siad uilig difriúil óna chéile ach de bharr m’easpa taithí leo agus díreach toisc gur grúpa nua a bhí ann bhí eagla an domhain orm agus mé ag gabháil isteach le ranganna aireachais a mhúineadh dóibh. I ndiaidh an chéad rang, d’athraigh mé ord an ranga thart ach don chuid is mó sílim gur bhain siad sult as agus gur d’fhoghlaim siad rud nó dhó. Bhí an rang céanna agam do gach grúpa ach bhí gach uile rang difriúil toisc gur grúpa difriúil a bhí ann. 

An uair dheireanach roimhe seo go raibh mé i nGaillimh, ná mí Feabhra na bliana seo. Bhí an cinneadh déanta agam go mbogfainn go Gaillimh ach bhí a fhios agam go raibh cúpla mí go fóill le dul agam. Shíl mé ag an am sin agus mé ag tabhairt cúirte ar chara liom go mothóinn níos fearr faoin gcinneadh. Go mbeadh faoiseamh nó rud éigin le mothú agam agus mé ar ais ann ach níor mhothaigh. Mhothaigh mé níos measa. Chuir an turas ar fad eagla orm; thosaigh mé ag ceistiú mé féin; b’fhéidir nach seo an áit is fearr dom, bheadh sé i bhfad níos fusa fanacht i mBéal Feirste, áit atá cairde agam agus atá fios mo bhealaigh agam….ach an uair seo, a mhalairt fad a tharla!

Bhí deis agam ranganna aireachais a mhúineadh i nGaeilge; an dhá rud is ansa liom tagtha le chéile! Cuireadh fáilte mhór romham sa choláiste agus chas mé le seanchairde agus daoine nua. Bhí brón de chineál éigin orm agus mé ag fágáil ar an gCéadaoin ach brón le croí lán a bhí ann!

Ansin ar an Déardaoin, bhí mé scriosta i ndiaidh an taistil ar fad ach bhí a fhios agam go raibh lá mothúchánach romham agus mé ag fágáil slán le Bunscoil Naomh Seosamh sna Sruthán. Le linn na hoibre ar fad atá déanta agam orm féin, go háirithe le Miranda MacPherson le blianta beaga anuas, d’fhoghlaim mé neart fuaim féin. Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé ná ó aois an-óg bheartaigh mé nach raibh agus nach bhfuil mé tábhachtach. Croí-chreidiúint atá ann dom agus dá bharr, de gnáth níor tharraing mé aird orm féin. Thaitin ‘Slán na hÉireannaigh’ go mór liom; sleamhnú amach an dorais gan slán a fhágáil le héinne. Ach le dul i ngleic leis an gcreidiúint seo bhí orm a rá leis na daltaí agus na múinteoirí ar fad in Naomh Seosamh go raibh mé ag fágáil agus dá bharr bhí lá deireanach álainn agam! Tugadh bronntanais gleoite dom, glacadh pictiúir agus bhí barróga go leor ann dom! Shíl mé go mbeadh mo chroí trom i ndiaidh an lae sin ach arís eile bhí mo chroí lán grá agus tá mé thar a bheith buíoch de na múinteoirí agus na daltaí ar fad! Ach go háirithe de Louise a chruthaigh an fráma álainn dom le gach dalta istigh ann! (thíos) A leithéid de thalún!

Mar a dúirt mé ag an tús, tá mé go fóill ag teacht ar ais chugam féin i ndiaidh na seachtaine ach níl an t-am agam sos a ghlacadh go fóill – tá aistriúcháin le déanamh, lóistín le haimsiú, an carr le socrú agus bhí cúpla ag cara liom an tseachtain seo caite freisin! A leithéid de sheachtain! Agus tá mé thar a bheith buíoch de na cairde ar fad atá agam timpeall na tíre a lig dom fanacht leo, chuir siad go mór leis an seachtain agus deis cainte agam leo, chomh maith leis na béiltí a tugadh dom! Mo ghrá sibh!

 

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content