Ag fágáil slán

by | Athraithe

‘With change brings grief but don’t let that grief make you think that the change is a bad thing.’

Chonaic mé sin scríofa síos ag an deireadh seachtaine agus thuig mé go maith é. Le seachtain anuas tá an bogadh seo ag mothú iontach cóngarach, tá sé cóngarach. Tá níos lú ná seachtain fágtha agam i mo chónaí anseo agus tá deireadh ag teacht go an-chuid rudaí.

Chuaigh mé go rang damhsa aréir. Bíonn an rang ar siúl ar bharr Bóthar Ormeau gach oíche Luain agus tá mé ag freastail air le os cionn dhá bhliain anuas agus is breá liom é! I mbliana bhí mé ag déanamh cúrsa ar an oíche chéanna agus mar sin ní raibh mé in ann freastail air. B’ea an tseachtain seo caite an chéad oíche go ndeachaigh mé ar ais chuige agus ar bhealach tá aiféal orm go ndeachaigh. Rud eile a bhí ann go raibh orm slán a fhágáil leis. D’fhag mé slán leis aréir; slán leis na daltaí eile, leis an múinteoir agus leis na damhsaí difriúla a rinneamar.

Bhí mé ag smaoineamh agus mé ar an mbealach isteach an doras inné go d’fhéadfaidh mé sin ar fad a sheachaint muna ndeachaigh mé ar ais. Ní maith liom nuair a bhíonn daoine dírithe orm, nuair atá mé sa lár agus gach duine ag caint liom nó fuaim. Bheadh sé i bhfad níos éasca díreach gan dul ar ais ach mothóinn ciontach dá má rud é go ndearna mé sin agus bheadh mé i gcónaí ag smaoineamh dá ndeachaigh mé…

Fuair mé amach an samhradh seo caite gur bheartaigh mé agus mé óg nach raibh mé tábhachtach. Chreid mé go raibh gach duine eile níos tábhachtaí ná mé agus nár fiú dom i gcomparáid leo. Bhí an chreidiúint seo i lár an aonaigh i mo shaol. Rinne mé cinntí bunaithe air i ngan fhios dom féin. Ach anois tá mé ag iarraidh deiridh a chur leis ach tá sé sáite ionam. Rud atá mé ag déanamh ná go bhfuil mé ag aithint amanna i mo shaol a léiríonn dom go bhfuil mé tábhachtach, go bhfuil tábhacht ag baint liom agus go bhfeiceann daoine eile é. Sin an fáth gur thuig mé go raibh orm dul ar ais go dtí an rang damhsa, sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh a rá le daoine go bhfuil mé ag fágáil, sin an fáth go mbeidh mé míchompordach leis ach sin an fáth go leanfaidh mé orm. Leanfaidh mé orm go dtí go mbeidh sé compordach dom.

Is breá liom na rudaí seo a fhoghlaim fuaim féin mar ansin is féidir liom é a athrú. Díreach toisc go gcreidim é ní chiallaíonn sin go bhfuil sé fíor. Mar a bhím ag rá le mo dhaltaí aireachais, díreach toisc go mbíonn an smaoineamh agat, ní chiallaíonn sin go bhfuil sé fíor.

Rang kickboxing le slán a fhágáil leis oíche anocht….

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content