Chaoin mé

by | Mothucháin

Bhí cónaí orm i nGaillimh 7 mbliana ó shin. D’oibrigh mé mar iriseoir leis an nuachtán Gaelscéal. Fuair mé an post díreach i ndiaidh na hollscoile agus bhí seachtain nó mar sin agam le teach a aimsiú anseo, bogadh síos agus an post a thosú. Thuig mé go mbeadh carr riachtanach don phost agus mar sin bhí mé ar ais taobh thiar den roth ag iarraidh smaoinigh ar an mbealach leis an gcarr a chur ag bogadh i ndiaidh dhá bhliain de sos. Chuaigh mé ar ais go Baile Átha Cliath ar feadh 3 mhí don deireadh seachtaine ag iarraidh cairr a aimsiú. Ba iomaí uair gur d’fhag mo thuismitheoirí mé ag an mbus oíche Dhomhnaigh agus mé ag filleadh ar Ghaillimh agus deora i mo shúile. Bhí mé ag dul ar ais go cathair nach raibh aithne agam air mórán ann agus cé gur thaitin an obair go mór liom, ní leor é.

Seacht mbliana ar aghaidh agus tá mé ag bogadh ar ais go cathair atá beagán eolais agam air ach arís eile, níl aithne agam ar mórán ann. Tá níos mó aithne agam ar dhaoine is a bhí ag an am sin ach fós féin; níl nósanna agam anseo, níl eolas agam ar an teach agus níl fiú ionad oibre agam le dul chuige. Bhí an míostrú tagtha orm agus níor chodail mé go maith an oíche roimhe agus cuirim an locht ar sin freisin agus mé ag smaoineamh ar na deora a bhí agam inné agus mé ag fágáil Baile Átha Cliath.

Bhí mé sa bhaile ar feadh cúig seachtain ansin ach idir obair agus ag lorg lóistín i nGaillimh ní raibh mé ann ar feadh seachtaine iomlán. Chas mé le triúr cara liom le linn na seachtainí sin ach taobh amuigh de sin bhí mé le mo thuismitheoirí don chuid is mó, mo mháthair go príomha. Réitím go maith le mo mháthair agus is breá liom an caidreamh atá agam léi agus b’í an chúis go raibh mé ag caoineadh inné, cé nach raibh a fhios aici. Bhí sí ar an bhfón le mo dheirfiúr atá díreach i ndiaidh leaindeáil san Astráil agus sa bhealach sin d’éirigh liom na deora a sheachaint os a comhair. Sean-nós atá agam. Is cuimhin liom ag fáil drochscéala agus ag diultú labhairt léi faoi mar ní raibh mé ag iarraidh caoineadh os a comhair.

Agus muid ag fás aníos glacann muid ar fad róil áirithe sa chlann. An ról a bhí agam ná gur mise an duine a bhí láidir, an duine go raibh in ann aire a thabhairt dom féin agus mar sin níl sé de nós agam a rá sa bhaile nuair nach bhfuil mé go maith. Sílim go bhfuil náire orm roimh mo mhothúcháin agus mé leis an gclann. Nuair a bhí mé níos óige bhíodh siad i gcónaí ag fiafraí dom céard a bhí cearr liom aon am go raibh mé ag caoineadh. Níor shíl mé go raibh aon fáth a bhí agam maith go leor agus mar sin stop mé ag caoineadh agus mé sa bhaile agus os a gcomhair. Tá sé suimiúil gur seo mar atá mé ag mothú go fóill agus mé ag múineadh do dhaoine go bhfuil gach mothú a bhíonn acu ceart go leor agus nach bhfuil aon rud náireach nó mícheart le mothúcháin a bheith agat. Ach is dóigh go bhfuil sé deacair nósanna a athrú agus tá sé éasca na rudaí seo a rá…

Bhí sé suimiúil dom inné, seacht mbliana ar aghaidh agus an méid sin blianta caite agam gan a bheith i mo chónaí sa bhaile agus tá mé go fóill ag iarraidh fanacht le mo mhamaí. Thug mé an rud céanna faoi deara agus Mum de m’fhágáil ag an mbus go Béal Feirste freisin, ní raibh mé ag iarraidh fágáil, ach ag an am céanna tá a fhios agam i mo chroí istigh go bhfuil mé le bheith i nGaillimh anois.  

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content