Céard is ‘duine fasta’ ann?

by | Céard é ‘an gnáth rud’?

Dúirt cara liom an tseachtain seo caite nach síleann sí gur fíordhuine fásta atá inti. Tá post lánaimseartha aici, tá sí ina cónaí léi féin, déanann sí a dinnéar agus a níochán féin, íocann sí cáin, tá tiomáint aici ach ní fíordhuine fásta atá inti, dár léi. Cé go bhfuil na rudaí maithe seo ar fad á dhéanamh aici, agus á dhéanamh go maith, níl rudaí áirithe aici agus tá sí go hiomlán dírithe ar na rudaí sin.

Níl gairm ar leith aici. Faoi láthair tá sí ag múineadh Béarla do dhaoine fásta agus is maith léi é ach níl a fhios aici an bhfuil sí ag iarraidh sin a dhéanamh ‘go deo’. Tá sí ag siúl amach le píolóta. Bhí sé ag traenáil le bheith ina phíolóta nuair a chas sí leis agus tá sé anois ag obair mar phíolóta agus is maith leis é. Chomh maith leis sin tá stoc aige agus morgáiste aige. Cé go bhfuil mo chara sásta leis an méid atá aici, níl gairm sin aici agus mar sin glacann sí leis nach ‘fíordhuine fásta’ atá inti.

Má tá tú thart ar na rudaí seo i rith an ama, d’fhéadfaidh tú tosaigh ag smaoineamh gur ‘ceart’ go mbeadh na rudaí seo agatsa…ach an bhfuil na rudaí sin uait? An bhfuil tú sásta leis an méid atá agat? Nó an ea díreach toisc go síleann tú gur ‘ceart’ duit na rudaí sin a bheith agat? Díreach cúpla rud le smaoineamh orthu…

Níl a fhios ag mo chara cén áit ar mhaith léi a bheith ina cónaí. Tá sí sásta san áit atá sí anois ach arís, an mbeidh sí ann ‘go deo’? Ceist a chuireadh ormsa minic go leor agus mé ag insint do dhaoine i mBéal Feirste go raibh mé ag bogadh go Gaillimh ná ‘an mbeidh tú ann go deo?’ Bhí mé béasach go leor leis an bhfreagra ach i mo chloigeann bhí mé ag smaoineamh ‘céard is ‘go deo’ ann?’

Tá an sochaí i ndiaidh athraithe mór millteacha a dhéanamh. Bhí brú éigin ar mo thuismitheoirí post buan a fháil, pósadh agus clann a bheith acu, san ord sin. Is féidir leis an mbrú sin a bheith ann go fóill, má ligeann tú dó cuir isteach ort.

Tá sé de nós ag an inchinn atá againn díriú isteach ar rudaí diúltacha. Tagann sé ón am go raibh orainn a bheith cúramach nár ith muid aon rud a d’fhéadfaidh muid a mharú nó nach ndeachaigh muid go háiteanna a raibh ainmhithe dainseáracha ann. Uaireanta is maith an rud é a bheith in ann na rudaí diúltacha a aithint ach go ginearálta, déanann muid barraíocht dó! Sílim féin go bhfuil mo chara ródhírithe ar na rudaí nach bhfuil aici i gcomparáid leis na rudaí maithe atá ar bun aici. 

I ndiaidh sin, labhair muid ar chúrsaí airgid agus go mbíonn muid beirt ag iarraidh íoc asainn féin. ‘Is duine fásta mé,’ a deirim liom féin, agus le daoine eile, ‘Is féidir liomsa mo chuid a íoc!’ Ach táimid beirt airdeallach ar an nós seo atá againn agus táimid ag obair air. Dúirt mo chara liom gur chuir sí brú uirthi féin leath a íoc agus í ag gabháil ar laethanta saoire lena fear, go dtí gur thuig sí nach raibh sí in ann sin a dhéanamh. Thosaigh sí ag tuiscint go raibh an fear sásta níos mó a íoc agus tá sí ag éirí níos compordaí faoi.

Domsa, le mí anuas, agus mé i mo chónaí sa bhaile, tá mé ag caitheamh níos mó ama le mo thuismitheoirí. Ní ligeann siad dom íoc as rudaí agus mé leo. Tuigeann siad nach ndeánaim mórán airgid le m’obair agus níl siad ag iarraidh go mbeidh mé faoi bhrú. Don chuid is mó, d’fhéadfaidh mé íoc as na rudaí a íocann siad astu ach ag an am céanna tá siad ag iarraidh agus sásta gur féidir leo cabhrú liom agus tá mé ag éirí níos compordaí ag ligint dóibh sin a dhéanamh.

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content