Ag dul i dtaithí ar an saol nua

by | Athraithe

Le seachtain anuas tá mé ag dúiseacht ag pé am a dúisím agus deirim liom féin ‘Céard gur mhaith liom a dhéanamh?’ agus b’ea sin an seachtain is táirgiúla a bhí agam le roinnt mhaith seachtaine. Sílim gur chreid mé go mothóinn i bhfad níos fearr chomh luath is a bhog mé teach ach ní shin mar a tharla sé agus ansin thuig mé gurb ea an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná nósanna an seansaoil a chur isteach sa saol nua seo.

 

Mar atá luaite agam sa bhlag seo cheana, tá mé cleachtadh le bheith ag obair ón mbaile le blianta anois ach nuair a bhíodh mé á dhéanamh cheana d’fhéadfaidh mé dul amach agus caifé a bheith agam le linn an lae, bhíodh mé ag dul go bialanna san oíche nó díreach ag dul amach ag buaileadh le daoine, gan faitíos orm roimh aon víreas. Anois, tá mé ag obair ón teach go fóill ach níl mé ag dul amach ag múineadh ranganna, níl mé ag dul go caiféanna le píosa oibre a dhéanamh. Tá an saol iomlán athraithe, agus caithfidh mise agus muid ar fad athrú leis.

Le seachtain anuas agus mé ag rá liom féin céard gur mhaith liom a dhéanamh anois ní raibh mé ach ag smaoineamh ar an nóiméad nó an uair an chloig a bhí díreach amach romham. Tá liosta agam de rudaí atá le déanamh agus tá a fhios agam go ndéanfaidh mé iad ag am éigin ach níl mé ag cur brú orm féin a thuilleadh iad a dhéanamh muna bhfuil an fuinneamh nó an fonn orm agus mar a dúirt mé bhí seachtain níos torthúla agam an tseachtain seo caite ná a bhí agam le tamall. Ach ní i gcónaí go bhfuil an cuma céanna ar an obair nó orm féin mar a bheadh uirthi nó orm cheana. Uaireanta tá mé ag déanamh cúpla uair an chloig scríbhneoireachta ar an leaba ag a sé an chloig sa tráthnóna, uaireanta tá mé ag léamh ábhair i gcomhair ranganna cois fharraige agus in amanna eile tá mé ag déanamh obair ríomhaireachta agus obair ar na meáin shóisialta céad rud ar maidin i mo phitseámaí, cosúil le díreach anois.

 

Nuair a thuig mé an luach a bhí leis an gceist bheag sin a chur orm féin bheartaigh mé go raibh orm é a roinnt libhse. Tá faitíos orainn uilig agus muid ag teacht amach as an dianghlasáil ach an rud a d’fhoghlaim mé le seachtain anuas ná ní fiú dúinn a bheith crua orainn féin faoi láthair. Ní gá go mbeimid cleachtadh le rudaí faoi láthair, caithfidh muid am a thabhairt dúinn féin dul i taithí ar rudaí arís agus muna bhfuil tú róchrua ort féin faoi rudaí nach bhfuil déanta b’fhéidir go bhfeicfidh tú go mbeidh níos mó déanta agat, b’fhéidir. Ach b’fhiú triail a bhaint as ar aon chuma!

 

0 Comments

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Skip to content