Ordaithe do scoileanna
Más suim leat aireachas a thabhairt isteach sa seomra ranga, bí i dteagmháil linn faoi phraghasanna spéisialta ar ordaithe móra.
Mo Leabhairín Beag Féin; ag cruthú suimhnis agus síochána sa bhaile agus ar scoil
Tá saol an lae inniu thar a bheith gnóthach agus bíonn sé deacair aon am ciúin a fháil, dúinn féin nó dár bpáistí. Cabhróidh an dialann seo duit agus na páistí i do shaol an t-am sin a thógáil go héasca le go mbeidh sibh in ann na buntaistí a bhaineann le haireachas a chleachtadh a mhothú; más múinteoir scoile thú nó más tuismitheoir thú.
Buntaistí do pháistí:
- Níos mó síocháin, sonais agus suimhnis le mothú
- Abalta díriú isteach ar obair scoile go héasca
- Tuiscint ar a gcuid mothúcháin agus céard le déanamh leo
- Scileanna simplí le strus a laghdú, a bheidh acu dá saol
Le húsáid:
- Sa mbaile leis an gclann
- Sa seomra ranga le múinteoirí
- I ngrúpaí iar-scoile
- I seisiún comhairleoireachta nó teiripe
Do Mhúinteoirí:
Bealach simplí le cinntiú go mbeidh suimhneas agus síochán mar chuid den lá scoile, ag tús an lae, ag bogadh ó imeacht amháin go himeacht eile nó cleachtadh beag deas le tabhairt do dhaltaí a chríochnaíonn an obair luath.
Cén fáth “Mo Leabhairín Beag Féin”?
Scríobhadh an dialann seo i nGaeilge ar dtús. Bhí tacaíocht cainteoirí dúchais Gaeilge len é a scríobh agus mar sin tá an teanga nádúrtha agus éasca le léamh agus le tuiscint. Tá os cionn ocht mbliain taithí ag an údar, Katie Saoidhbh McGreal ag múineadh aireachais in scoileanna ar fud na tíre. Tá scoth an eolais aici ar imeachtaí a oibríonn, scileann a bhaineann páistí úsáid as go rialta agus a chabhraíonn leo imní agus buaireamh a laghdú. I ndiaidh cúpla seachtain ag úsáid na dialainne seo go laethúil, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil do pháiste níos sona, níos síochánta agus níos dearfaí faoin saol.