Rang aireachais agus suaimhnis

34.00

Category:

Description

Rang aireachais agus suaimhnis, réamhthaifeadta

Is rang aireachais, réamhthaifeadta uair an cloig é seo atá feiliúnach do dhaoine le Gaeilge mhaith agus is féidir leat é a dhéanamh i d’am féin.

Cabhróidh an rang seo le strus agus buairt a laghdú. Déanfaidh sé maitheas de do chodladh agus cabhróidh sé leat aithne níos fearr a chur ort féin.

Tá an rang feiliúnach do dhaoine le taithí aireachais cheana féin nó do dhaoine atá ag tosú amach.

Tá trí phíosa aireachais mar chuid den rang. Bíonn muid dírithe ar an gcolainn agus ar an gcaoi go mothaíonn muid sa chéad phíosa.

Sa dara cuid, déanann muid físiú ina mbíonn muid ag cruthú íomhá agus áit inár gcloigeann.

Sa tríú píosa, bíonn muid dírithe ar rudaí maithe a tharla. Bíonn muid ag smaoineamh ar conas a mhothaíonn sé inár gcolainn agus céard atá ag tarlú ionann agus muid ag cuimhniú ar na rudaí sin.

Tá na píosaí ar fad treoraithe go hiomlán agus is álainn an bronntanas é duit féin nó do dhuine eile an uair an chloig seo a chur ar fáil duit féin, leat féin.

Ní le hathdhíol

©Solas Relaxation 2023

Skip to content