Is mise Katie McGreal, bunaitheoir an chomhlachta Solas Relaxation.
Tá mé ag iarraidh cabhrú le tuismitheoirí, múinteoirí agus páistí mothú níos suaimhní agus sásta le gur féidir leo níos mó sult agus spraoi a bhaint as an saol. Is breá liom nuair a fheicim páistí ag baint sult as na ranganna agus iad ag foghlaim scileanna aireachais le cabhrú leo a n-intinní a ciúnú.
Bainim an-sult as na tuismitheoirí a fheiceáil ag foghlaim scileanna nua lena bpáistí agus an aidhm atá agam ná cabhrú le daoine teaghlaigh agus bailte sona agus síochanta a chruthú le gur féidir leo níos mó sult agus spraoi a bheith acu.
Chaith mé an-chuid ama taobh istigh de mo chloigeann agus mé ag fás aníos agus ní áit dheas a bhí inti. Bhí sé an-diúltach agus bhí mo smaointe ar fad an-diúltach ach, níor thuig mé gur mo smaointe féin a bhí ann. Chreid mé go raibh an saol an-diúltach agus gur mar sin a bhí sé do gach duine. Shíl mé go raibh an ceart ag m’intinn agus b’annamh a dúirt sé rud ar bith deas, go háirithe fúm féin!
Iriseoir a bhí ionam nuair a bhí mé sna 20idí agus is measa fós a bhí mo dhearcadh ar an saol trí lionsa an iriseora! Drochscéalta, brú agus iomaíocht – ag iarraidh an scéal is déanaí a chur amach a fhoilsiú roimh éinne eile agus b’in an aisling. Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’iriseoir ó bhí mé óg agus sin an post a bhí agam, cheapfá go mbeinn sásta, nach gceapfá?
Ar an taobh amuigh, bhí cuma iontach ar mo shaol. Bhí post maith agam, bhí go leor cairde agam, bhí saol sóisialta an-mhaith agam (b’fhéidir rómhaith!) ach níor mhothaigh mé sásta.
Níor thuig mé cén fáth.
Ba cheart go mbeinn sásta ach bhí mé 100% cinnte nach raibh agus b’in í an fhírinne!
Mhol cara liom triail a bhaint as aireachas. Thosaigh mé ag freastail ar ranganna uair go leath uair sa tseachtain agus gan mhoill, b’shin an chuid is fearr den tseachtain. Ní féidir liom cur síos cruinn a thabhairt duit ar an bhfaoiseamh agus an sásamh a fuair mé ó na ranganna sin.
Níor thuig mé fiú go raibh m’intinn chomh gnóthach sin ach chomh luath ‘s a thuig mé agus chomh luath is a mhothaigh mé an tsíocháin a bhí ann nuair a bhí na smaointe ciúnaithe agam bhí a fhios agam nach rachainn ar ais agus thuig mé go raibh orm an mothú agus an faoiseamh seo a thabhairt do dhaoine eile freisin.
Tá mé ag iarraidh go dtuigfidh gasúir an lae inniu go bhfuil an ciúnas agus an tsíocháin seo ar fáil dóibh anois agus nach bhfuil orthu fanacht go dtí go mbeidh siad sna 20idí len’ é sin a thuiscint. Tá mé ag iarraidh go mbeidh aithne níos fearr ag gasúir orthu féin ná mar a bhí agamsa orm féin agus go bhfuil a fhios ag tuismitheoirí nach bhfuil orthu díreach maireachtáil faoi strus agus faoi bhrú an t-am ar fad. Tá mé ag iarraidh go mbeidh scileanna agus cleasanna ag múinteoirí gur féidir leo seomraí ranga ciúine, síochánta agus spraíúla a bheith acu.
Creidim gur féidir linn domhan a chruthú thart ar spraoi, sult agus sásamh in ionad é a bheith cruthaithe ag an strus, brú agus scéalta ‘s smaointe diúltacha agus tá mé ag iarraidh cabhrú leis an tógáil sin.
Is mise Katie McGreal, bunaitheoir an chomhlachta Solas Relaxation.
Tá mé ag iarraidh cabhrú le tuismitheoirí, múinteoirí agus páistí mothú níos suaimhní agus sásta le gur féidir leo níos mó sult agus spraoi a bhaint as an saol. Is breá liom nuair a fheicim páistí ag baint sult as na ranganna agus iad ag foghlaim scileanna aireachais le cabhrú leo a n-intinní a ciúnú.
Bainim an-sult as na tuismitheoirí a fheiceáil ag foghlaim scileanna nua lena bpáistí agus an aidhm atá agam ná cabhrú le daoine teaghlaigh agus bailte sona agus síochanta a chruthú le gur féidir leo níos mó sult agus spraoi a bheith acu.
Chaith mé an-chuid ama taobh istigh de mo chloigeann agus mé ag fás aníos agus ní áit dheas a bhí inti. Bhí sé an-diúltach agus bhí mo smaointe ar fad an-diúltach ach, níor thuig mé gur mo smaointe féin a bhí ann. Chreid mé go raibh an saol an-diúltach agus gur sin mar a bhí sé do gach duine. Shíl mé go raibh an ceart ag m’intinn agus b’annamh a dúirt sé rud ar bith deas, go háirithe fúm féin!
Iriseoir a bhí ionam nuair a bhí mé sna 20idí agus is measa fós a bhí mo dhearcadh ar an saol trí lionsa an iriseora! Drochscéalta, brú agus iomaíocht – ag iarraidh an scéal is déanaí a fhoilsiú roimh éinne eile agus b’in an aisling. Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’iriseoir ó bhí mé óg agus sin an post a bhí agam, cheapfá go mbeinn sásta, nach gceapfá?
Ar an taobh amuigh, bhí cuma iontach ar mo shaol. Bhí post maith agam, bhí go leor cairde agam, bhí saol sóisialta an-mhaith agam (b’fhéidir rómhaith!) ach níor mhothaigh mé sásta.
Níor thuig mé cén fáth.
Ba cheart go mbeinn sásta ach bhí mé 100% cinnte nach raibh agus b’in í an fhírinne!
Mhol cara liom triail a bhaint as aireachas. Thosaigh mé ag freastail ar ranganna uair go leath uair sa tseachtain agus gan mhoill, b’shin an chuid is fearr den tseachtain. Ní féidir liom cur síos cruinn a thabhairt duit ar an bhfaoiseamh agus an sásamh a fuair mé ó na ranganna sin.
Níor thuig mé fiú go raibh m’intinn chomh gnóthach sin ach chomh luath ‘s a thuig mé agus chomh luath is a mhothaigh mé an tsíocháin a bhí ann nuair a bhí na smaointe ciúnaithe agam bhí a fhios agam nach rachainn ar ais agus thuig mé go raibh orm an mothú agus an faoiseamh seo a thabhairt do dhaoine eile freisin.
Tá mé ag iarraidh go dtuigfidh gasúir an lae inniu go bhfuil an ciúnas agus an tsíocháin seo ar fáil dóibh anois agus nach bhfuil orthu fanacht go dtí go mbeidh siad sna 20idí len é sin a thuiscint. Tá mé ag iarraidh go mbeidh aithne níos fearr ag gasúir orthu féin ná mar a bhí agamsa orm féin agus go bhfuil a fhios ag tuismitheoirí nach bhfuil orthu díreach maireachtáil faoi strus agus faoi bhrú an t-am ar fad. Tá mé ag iarraidh go mbeidh scileanna agus cleasanna ag múinteoirí gur féidir leo seomraí ranga ciúine, síochánta agus spraíúla a bheith acu.
Creidim gur féidir linn domhan a chruthú thart ar spraoi, sult agus sásamh in ionad é a bheith cruthaithe ag an strus, brú agus scéalta ‘s smaointe diúltacha agus tá mé ag iarraidh cabhrú leis an tógáil sin.
An-tarraingteach agus spraoiúil don aos óg agus dúinn siúd atá níos aosta.
Bhí an píosa aireachais ag teastáil go géar ag mac liom, 3 bliana, le dul a chodladh, bhain an bheirt againn an-sásamh as
Bhain mé an-sult as an gcúrsa. B’ea mo chéad uair ag cleachtadh aireachais agus bhí sé an-suaimhneach. Ar fheabhas ar fad.